Téarmaí agus Coinníollacha an tSuímh, Eolas faoi Chóipcheart agus Séanadh
Téarmaí agus Coinníollacha
Maidir le sainmhínithe ar
- etenders nó ar shuíomh gréasáin nó ar shuíomh gréasáin etenders
is tagairtí iad do www.etenders.gov.ie.
- Is ionann an Roinn agus an Roinn Airgeadais.
- Is ionann Gníomhairí agus páirtithe a sholáthraíonn seirbhís i dtaca le
suíomh gréasáin e.tenders, ar son nó i gcomhar leis an Roinn (san am i láthair is
iad Millstream agus an LGCSB atá ag feidhmiú ar an gcaoi sin).
- Is ionann Millstream agus Millstream Associates, Ltd. An chuideachta a
fheidhmíonn ar son na Roinne agus atá freagrach as an suíomh gréasáin a fhorbairt
agus a bhainistiú ó lá go lá.
- Is ionann LGCSB agus an Local Government Computer Services Board a óstaíonn
an suíomh gréasáin seo.
- Is ionann Seirbhísí agus na seirbhísí feidhmiúla uile a sholáthraíonn an
suíomh gréasáin, ar a n-áirítear fógraí tairisceana a chruthú, doiciméid tairisceana
a uaslódáil, ceisteanna agus freagraí a phostáil, tairiscintí a sholáthar ar líne
agus seirbhísí ginearálta eile. Cuimsíonn na seirbhísí sin seirbhísí teicniúla,
bainistíochta agus oibriúcháin a sholáthraíonn gníomhairí na Roinne.
Intreoir
Bíonn úsáid shuíomh gréasáin etenders á rialú ag na téarmaí agus coinníollacha a
shonraítear thíos. Tá na téarmaí agus coinníollacha seo tábhachtach agus ceapadh
iad chun cosaint a thabhairt duitse, don Roinn Airgeadais agus dá cuid gníomhairí.
Cuir am ar fáil, le do thoil, le iad a léamh go cúramach. Má bhaineann tú úsáid
as an suíomh gréasáin tugann tú le fios go bhfuil tú i ndiaidh glacadh leo agus
gur ar do phriacail féin a úsáideann tú an suíomh.
Dlínse
Tá an suíomh gréasáin seo bunaithe in Éirinn de réir dhlíthe Phoblacht Éireann agus
rialófar é de réir dhlíthe na tíre sin. Nuair a úsáideann tú an suíomh, glacann
tú leis go mbeidh d'úsáid féin, agus aon eolas dá bhfuil ar an suíomh, á rialú mar
an gcéanna ag dlíthe na hÉireann agus, má thagann aon díospóid chun cinn i ngeall
ar d'úsáid féin nó aon eolas dá bhfuil ar an suíomh, go dtoilíonn tú a leithéid
de dhíospóid a phlé i gcúirteanna na hÉireann.
Athruithe
Fanann sé de cheart ag an Roinn athruithe a dhéanamh ar an eolas, ar dhearadh agus
ar na seirbhísí a sholáthraítear ar shuíomh gréasáin eTenders gan fholáireamh agus
gan dliteanas.
Fanann sé de cheart ag an Roinn cur le téarmaí an chomhaontaithe seo, nó iad a leasú
nó a athrú trí fholáireamh maidir lena leithéid d'athruithe a fhoilsiú ar a suíomh
gréasáin (sa rannóg Nuachta) agus má leanann tú ort ag úsáid na seirbhísí, tuigfear
go bhfuil tú tar éis glacadh leis na hathruithe sin.
Ábhar an tSuímh
I gcás go ndéanann tú ábhair a tharchur chun a aistriú go dtí suíomh gréasáin eTenders
ar shlí éigin eile, ní bheidh aon fhreagracht ar an Roinn ná ar a cuid gníomhairí
as cruinneas, fírinne nó iomláine na n-ábhar sin, ná as cibé earráidí a bheadh sa
mhodh tarchuir.
Ní ceadmhach na doiciméid tairisceana ar an suíomh seo a leasú, a athrú nó a mhodhnú
ar shlí ar bith. Ní ceadmhach doiciméid tairisceana ar an suíomh seo a atáirgeadh
ar neamhchead don Roinn agus do úinéir/soláthróir cibé doiciméad a bheadh i gceist.
Déanfaidh an suíomh seo taifead ar gach duine agus ar gach eintiteas dlíthiúil a
íoslódálann eolas i dtaobh tairiscintí. Measfar go dtoilíonn gach duine a rochtann
nó a úsáideann an suíomh lena leithéid de thaifeadadh.
Aontaíonn úsáideoirí an tsuímh nach ndéanfaidh siad aon ábhar, ceisteanna san áireamh,
a a uaslódáil atá mailíseach, maslach, magúil nó mí-oiriúnach ar shlí ar bith. Cuimsíonn
sé sin an rannóg 'teagmhála' den suíomh gréasáin. Má sháraítear an riail
seo, déanfar an t-úsáideoir a dhíchlárú.
Ag déanamh cumarsáide le húsáideoirí
Ó am go chéile, seolfar teachtaireachtaí ríomhphoist ón suíomh seo go dtí úsáideoirí
cláraithe, le heolas a bhaineann leo a sholáthar, mar shampla foláireamh i dtaobh
athruithe móra nó fadhbanna leis an suíomh. Corruair, seolfar amach suirbhéanna
mar gheall ar shásamh úsáideoirí, chomh maith le teachtaireachtaí ó Choimisiún an
AE mar gheall ar an soláthar poiblí. Sin ráite, ní sheolfar aon mhionscéal agus
ní eiseofar teachtaireachtaí r.phoist ar son tríú páirtí i gcás ar bith. Anuas air
sin, ní cheadaítear fógraíocht ar son na hearnála neamhphoiblí nó ar son comhlachtaí
tráchtála.
Táirgí
Tá an Roinn ag soláthar seirbhíse trí mheán shuíomh gréasáin eTenders a éascaíonn
aistriú sonraí a bhíonn á n-ullmhú ag táirgí nach í an Roinn Airgeadais a sholáthraíonn
iad. Ní hionann an tseirbhís seo a sholáthar agus:
- tabhairt le fios go molann an Roinn a leithéid de tháirgí;
- tabhairt le fios gur fearr a leithéid siúd de tháirgí ná aon táirgí eile a bheadh
cosúil leo ach nach bhfuil d'fheidhmiúlacht ann sonraí a uaslódáil chun an tsuímh
seo;
- tabhairt le fios go bhfuil aon fhreagracht ar an Roinn as cruinneas, fírinne nó
iomláine na sonraí a ullmhaíonn na táirgí sin nó as cibé earráidí a d'eascródh as
na táirgí sin a úsáid nó as aon damáiste a d'eascródh as na táirgí sin a úsáid.
Dliteanas
Ní bheidh an Roinn ná a cuid gníomhairí freagrach as aon mhoill, aon bhriseadh,
aon earráidí nó teip i ar sholáthar na seirbhísí i gcás nach bhféadfaí a mhaíomh
go réasúnta go bhfuil smacht ag an Roinn nó a cuid gníomhairí orthu. Cuimsíonn sé
seo force majeure, teip nó luaineacht sa chumhacht leictreach, stailc, aighneas
tionsclaíoch, teileafón nó trealamh teicniúil eile de chuid an úsáideora nó de chuid
na Roinne agus a cuid gníomhairí, lena n-áirítear bogearraí, a bheith as fearas
nó a bheith ag mífheidhmiú.
Chomh maith leis sin, ní bheidh freagracht ar an Roinn ná ar a cuid gníomhairí,
bíodh sé i gconradh nó i dtort, as aon damáistí díreacha, teagmhasacha, iarmhartacha,
indíreacha nó pionósacha ná as aon chailteanais, costais, speansais nó damáiste
de chineál ar bith a mhaítear a bheith de thoradh ar úsáid an tsuímh seo nó de thoradh
ar na seirbhísí nó eile ann gan a bheith ar fáil, gan a bheith ag feidhmiú nó ag
feidhmiú mar is ceart.
Slánaíocht
Dearbhaíonn úsáideoirí e.tenders go bhfuil an Roinn agus a cuid gníomhairí neamhchiontach
as cibé caillteanas nó damáiste a d'eascródh as cibé sárú a dhéanfadh an t-úsáideoir
ar na téarmaí agus na coinníollacha seo.
Slándáil
Cé go ndearna an Roinn agus a cuid gníomhairí gach beart réamhchúraim a bhí réasúnta,
ar a n-áirítear timpeallacht oibre a sholáthar atá sábháilte, láidir, níl sé ar
chumas na Roinne, mar gheall ar nádúr na cumarsáide ar an Idirlíon, gealltanas iomlán
a thabhairt nach ndéanfaidh tríú páirtithe sárú ar phríobháideacht ná ar rúndacht
na cumarsáide a tharchuirtear ar an Idirlíon.
^ Barr
Séanadh
Maidir leis an Aire, an Roinn, a cuid oifigeach, a cuid gníomhairí agus Éire:
- ní ghlacann siad freagracht, bíodh sí ráite glan amach nó tugtha le fios, as cruineas,
oiriúnacht, úsáideacht ná iomláine an eolais agus na sonraí ar an suíomh www seo;
- ní thugann siad aon bharántas go bhfuil an t-eolas agus na sonraí ar an suíomh seo
ná ar shuímh atá nasctha leis saor ó víris ríomhaireachta ná nach sáraíonn cearta
maoin intleachtach aon duine in aon áit ar domhan;
- ní údaraíonn siad aon sárú ar aon chearta maoin intleachtach a bhaineann le hábhair
ar shuímh atá nasctha leis an suíomh seo;
- ní ghlacann siad freagracht as cibé earráidí a bheadh ann maidir le tarchur nó doiciméid
a íoslódáil ón suíomh seo;
- ní ghlacann siad freagracht as tairgeoirí nach gcloíonn leis na spriocdhátaí agus
na spriocamanna atá sonraithe sna doiciméid tairisceana nó a ndéanann an t-údarás
conartha iad a leasú ar shlí éigin eile;
- ní ghlacann siad freagracht as cruineas, oiriúnacht, úsáideacht ná iomláine an eolais
agus na sonraí ar shuímh eile atá nasctha leis an suíomh seo;
- Fanann sé de cheart ag an Roinn Airgeadais an séanadh seo a leasú ar aon slí agus
in aon am is gá, agus gan aon fholáireamh a thabhairt, tríd an téacs seo a uasdátú..
^ Barr
Cóipcheart
Is eolas poiblí an t-eolas a thaispeántar ar an suíomh seo. Is féidir é a atáirgeadh
fad is go n-admhaítear an fhoinse agus go lorgaítear cead ón Roinn Airgeadais agus
úinéir/soláthróir an eolais ar an suíomh.
^ Barr