Polasaí Príobháideachais
Cuireann an ráiteas seo síos ar ár gcleachtais phríobháideachais i dtaca leis an
suíomh seo. Ní muidne atá freagrach as ábhair ná cleachtais phríobháideachais aon
suímh a bhfuil nasc againn leis.
Is mór ag an Seirbhis Náisiúnta Soláthair cearta na n-úsáideoirí.
Ní chuirtear aon eolas ar fáil dúinn maidir le brabhsáil ghnearálta ar an ngréasán,
cé go gcuirtear eolas staitisticiúil áirithe ar fáil dúinn trínár soláthraí seirbhísí
idirlín. D'fhéadfadh sé go gcuimseodh an t-eolas sin:
- seoladh loighciúil an fhreastalaí atá á úsáid agat;
- an t-ainm fearainn barrléibhéil óna rochtann tú an tIdirlíon (mar shampla, .ie,
.com, .org, srl);
- an chineál brabhsálaí atá in úsáid agat;
- an dáta agus an t-am a rochtann tú ár suíomh;
- an seoladh idirlín a úsáidtear chun nascadh lenár suíomh.
Úsáidtear cuid den eolas thuas chun staitisticí achoimre a chruthú a chuireann ar
ár gcumas dúinn líon na gcuairteoirí ar an suíomh a mheas, féachaint cad iad na
leathanaigh is minice a mbreathnaítear orthu agus, go ginearálta, ár suíomh a dhéanamh
níos so-úsáidte fós.
Ní úsáideann an suíomh gréasáin seo 'fianáin' chun céannacht úsáideoirí aonair a
fháil amach ná chun a gcauirteanna chun an tsuímh seo a bhrath.
Tá tuilleadh eolais faoi do chearta maidir le príobháideachas sonraí le fáil ar
shuíomh gréasáin
Choimisinéir Cosanta Sonraí na hÉireann .
Cibé eolas pearsanta a sholáthraíonn tú don Seirbhis Náisiúnta Soláthair, pléifear
leis de réir na gcaighdeán is airde slándála agus rúndachta, agus cloífear go docht
leis an Acht um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003. Ní dhéanfar aon eolas a sholáthraíonn
tú ar an gcaoi seo a chur ar fáil do thríú páirtí. Chomh maith leis sin, ní chuirfear
ár liostaí r.phoist ar fáil do thríú páirtí.