Ráiteas Inrochtaineachta
Eochracha inrochtaineachta
Tacaíonn formhór na mbrabhsálaithe le léim chuig naisc faoi leith trí eochracha a
shainmhínítear an an láithreán gréasáin a bhrú. Le Windows, féadfaidh tú
ALT + eochair inrochtaineachta a bhrú; le Macintosh, féadfaidh tú Control + eochair inrochtaineachta a bhrú.
Sainmhíníonn gach leathanach ar an láithreán seo na heochracha inrochtaineachta seo a leanas:
- Eochair inrochtaineachta 1 - Leathanach Baile
- Eochair inrochtaineachta 3 – Clár Ábhar
- Eochair inrochtaineachta 4 - Cuardaigh
- Eochair inrochtaineachta 8 – Téarmaí úsáide
- Eochair inrochtaineachta 9 – Aiseolas
- Eochair inrochtaineachta 0 – Ráiteas inrochtaineachta
Mar láithreán gréasáin de chuid na hearnála poiblí táimid
tiomanta a chinntiú go mbeidh rochtain ag an líon is mó daoine is féidir ar ár láithreán.
Baineann inrochtaineacht, dar linne, ní amháin le daoine faoi mhíchumais ach freisin leo
siúd ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge, agus le daoine le bunscileanna nó bunsaoráidí ríomhaireachta.
I gcás daoine le bunscileanna nó bunsaoráidí ríomhaireachta, lena n-áirítear go leor mion-soláthróirí,
déanaimid iarracht a chinntiú go dtugtar tacaíocht don líon brabhsálaithe is mó is féidir agus go gcuirtear dóthain faisnéise
ar fáil chun cabhrú le húsáideoirí an t-am le híoslódáil – agus gan íoslódáil – a chinneadh (de bharr nach mbíonn
daoine a úsáideann saoráidí diailithe ag iarraidh go mbeadh a línte teileafóin gafa ar feadh uaireanta an chloig).
Maidir leo siúd ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge, tá leagan Gaeilge den láithreán gréasáin againn
(cé nach gclúdaítear, den chuid is mó,
na fógraí tairisceana óir is iad na húdaráis dámhachtana lena mbaineann a bhíonn freagrach astu sin).
Maidir le daoine faoi mhíchumais, déanaimid ár ndícheall cloí le sárchleachtas agus le riachtanais reatha reachtaíochta,
ní toisc go bhfuil orainn é sin a dhéanamh, ach toisc gur mian linn a bheith chomh huilechuimsitheach agus is féidir.
Tá sé mar aidhm againn cloí le Web Accessibility Initiative's Web Content Accessibility Guidelines (WAI WCG)
agus chun an cuspóir sin a léiriú rinneamar iniúchadh ar inrochtaineacht agus in-úsáideacht ár láithreáin i 2005:
tá moltaí ón iniúchadh sin á gcur i bhfeidhm i rith 2006.
Tá athbhreithniú á dhéanamh againn chomh maith ar ár bpolasaí maidir le doiciméid a chuirtear ar fáil le híoslódáil:
cuirfear gach doiciméad nua ar fáil i bhformáid HTML (agus i bhformáid PDF nuair is cuí sin);
déanfar athbhreithniú ar dhoiciméid níos sine ar an láithreán le súil agus iad a chur ar fáil i HTML,
nuair féidir sin, nó iad a uasghrádú go dtí an leagan PDF is deireanaí. Tabhair ar aird nach bhfuil aon smacht
againn ar na fógraí a fhoilsítear ná ar na doiciméid thairisceana a ghabhann leis na fógraí sin.
Is iad na húdaráis dámhachtana lena mbaineann a bhíonn freagrach astu sin; mar sin féin,
molfaimid d’úsáideoirí inrochtaineacht a thabhairt ar aird agus doiciméid mar sin á gcruthú acu.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar inrochtaineacht láithreán gréasáin, téigh chuig na láithreáin ghréasáin seo a leanas:
Cuirimid fáilte roimh thuairimí agus moltaí maidir lenár bpolasaí inrochtaineachta agus lenár n-aidhmeanna,
ó dhaoine a bhfuil fíorspéis acu cabhrú linn ár spriocanna a bhaint amach.
Seol ríomhphost chugainn, leis an ábhar 'inrochtaineacht etenders', chuig etenders@finance.gov.ie