Seirbhis Náisiúnta Soláthair-Ár Misean

Trí sheirbhísí gairmiúla agus comhairle ghairmiúil a sholáthar maidir le cúrsaí soláthair cinnteoimid gur féidir leis an tseirbhís phoiblí teacht, go héifeachtúil agus go héifeachtach, ar an luach is fearr le haghaidh earraí agus seirbhísí ar bhealach lena gcomhlíonfar an dlí rud a fhágfaidh go mbeifear in ann seirbhísí.

Is iad seo a leanas spriocanna ardleibhéil an SNS:

  • Soláthar earraí agus seirbhísí coitianta a eagrú
  • Líonraí a eagrú de dhaoine a bheidh ag plé le cúrsaí soláthair don tseirbhís phoiblí ar bhonn
  • gairmiúil
  • Oiliúint agus oideachas a fhorbairt a bheidh spriocdhírithe agus creidiúnaithe
  • Beartais lena gcuimsítear an rialtas ar fad a lánpháirtiú go mbeidh siad ina gcuid den
  • chleachtas soláthair, m.sh. inbhuanaitheacht ó thaobh soláthair agus fiontair bheaga agus ar
  • mheánmhéid a spreagadh le bheith rannpháirteach sa soláthar poiblí.

Mar thacaíocht leis na spriocanna sin, bíonn an SNS gníomhach sna cúrsaí seo a leanas:

  • Foinsiú Straitéiseach Oibríochtúil: ó thaobh earraí agus seirbhísí coitianta thar ceann chomhlachtaí na seirbhíse poiblí. Anois is é an SNS a sholáthraíonn na hearraí agus na seirbhísí a bhíodh á soláthar ag Gníomhaireacht Soláthair an Rialtais roimhe seo. Cuspóir buntábhachtach de chuid an SNS is ea an leas is fearr a bhaint as cumhacht ceannaigh na seirbhíse poiblí chun coigilteas a fháil ó thaobh earraí agus seirbhísí a sholáthraítear. Mar chuid de sin, bítear ag spreagadh comhoibriú agus comhair idir comhlachtaí poiblí i réimse an tsoláthair.
  • Oideachas/Foghlaim agus Treoir: lena n-áirítear líonraí soláthair phoiblí, oiliúint agus ábhar treorach a fhorbairt.
  • rSholáthar: suíomh idirlín eTenders www.etenders.gov.ie a fheidhmiú agus a fhorbairt.