Eolas Fúinne
Rinneadh www.eTenders.gov.ie a fhorbairt mar chuid de Straitéis an Rialtais Ríomh-Sholáthar
a chur i bhfeidhm i Seirbhís Phoiblí na hÉireann. Tá an láithreán leagtha amach
le bheith ina shaoráid lárnach d’údaráis chonarthacha uile na hearnála poiblí chun
deiseanna soláthair a fhógairt agus fógraí maidir le dámhachtain conarthaí a fhoilsiú.
Bainistíonn an
tSeirbhíse Náisiúnta Soláthair (SNS) de chuid na Oifig na nOibreacha Poiblí.
Socraíonn an tAonad seo beartas maidir le hábhar agus feidhmiúlacht. an láithreáin,
ach fágtar bainistiú agus cothabháil an láithreáin ó lá go lá, chomh maith le forbairt
an láithreáin faoi chuideachta phríobháideach, Millstream Associates.
Gach lá ar an láithreán, taispeántar deiseanna soláthair uile na hearnála poiblí
in Éirinn, atá á bhfógairt faoi láthair in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (OJEU),
chomh maith le conarthaí eile a mbíonn luach níos ísle i gceist leo agus a dhéanann
na húdaráis dámhachtana a uaslódáil chuig an láithreán. In aon am ar leith, beidh
na deiseanna oscailte uile ann, idir Fhógraí Tairisceana, Réamhfhógraí Táscacha
('Prior Indicative Notices', nó PIN) agus Fógraí Bronnta Conartha ('Contract Award
Notices' nó CAN). Cuirtear doiciméid tairisceana ghaolmhara ar fáil freisin (más
ann dóibh) ar féidir iad a íoslódáil ón láithreán.
Tá feidhm ag an láithreán lena bhféadfaidh Údaráis Dámhachtana fógraí a fhoilsiú
air a sheolfar ar aghaidh ansin go huathoibríoch chuig an OJEU. Áirítear ar fheidhmeanna
eile: saoráid chun soiléiriú a fháil ar líne trí shaoráid Ceisteanna agus Freagraí;
feidhm lena bhféadfar tairiscintí a dhéanamh ar líne; saoráidí bainistíochta úsáideoirí
agus fógraí d’údaráis dámhachtana; teachtaireachtaí foláirimh ar ríomhphoist agus
saoráidí bainistíochta freagraí do sholáthróirí. Tá feidhmeanna freisin ar an láithreán
do chuardach cuimsitheach i ndáil le fógraí agus do chabhair. Cuirtear eolas cuimsitheach
ar fáil freisin ar www.eTenders.gov.ie maidir le rialacha agus treoirlínte soláthair.
Tá Treoracha Eorpacha agus Treoirlínte Náisiúnta maidir leis na bPróiseas Soláthair
Phoiblí san áireamh orthu sin.
Tugann an láithreán an deis líon na soláthróirí chuig Earnáil Phoiblí na hÉireann
a d’fhéadfadh a bheith ann a leathnú. Ní ghearrtar aon táille ar údaráis dámhachtana
ná ar sholáthróirí don tseirbhís seo; agus is féidir leis na bpobal an láithreán
a úsáid saor in aisce chomh maith.